Ní mór do Mhúinteoirí Nua-Cháilithe (MNCanna) freastal ar suas le trí chnuaschruinniú éagsúla ar feadh a bpróiseas Droichead. Is fóram é gach cnuaschruinniú inar féidir le MNCanna próiseas Droichead agus cleachtas gairmiúil a phlé agus soiléiriú a lorg ina leith. Spreagtar MNCanna chun ceisteanna a chur, treoir a lorg, machnamh a dhéanamh ar dhúshláin ar leith agus scéalta ratha, smaointe agus eispéiris a roinnt. Is Comhlaigh, a bhfuil taithí acu, a dhéanann éascaíocht ar chnuaschruinnithe agus tugann siad tacaíocht — idir ghairmiúil agus phearsanta — do MNCanna. Cothaíonn an cur chuige comhfhoghlama seo caidrimh ghairmiúla, muinín agus inniúlacht. Is gá do MNCanna a riachtanais maidir le cnuaschruinnithe a bhaint amach de réir Fhéilire Chnuaschruinnithe Droichead 2023.2024.
Newly Qualified Teachers (NQTs) are required to attend up to three different cluster meetings for
the duration of their Droichead process. Each cluster meeting is a forum where NQTs can discuss and
seek clarification about the Droichead process and professional practice. NQTs are encouraged to
ask questions, seek guidance, reflect upon particular challenges and share successes, ideas and
experiences. Cluster meetings are facilitated by experienced Associates and provide avenues of both
professional and personal support to NQTs. This shared-learning approach builds professional
relationships, confidence and competence. NQTs must complete their full cluster meeting
requirement in line with the Droichead Cluster Meeting Calendar 2023.2024.